Fógraíonn Bus Éireann feabhas ar sheirbhísí agus ar amchláir maidir le Bealach 423

Príomhfheidhmeannach Kenny Deery ar Chumann na Gaillimhe le Marie King Feidhmeannach Díolacháin Réigiúnach, Bus Éireann agus Bainisteoir Seachadta Seirbhíse Peter Melia ag Bus Éireann

Tá áthas ar chomhlacht náisiúnta bus na hÉireann, Bus Éireann, an feabhas ar mór ar sheirbhísí agus ar amchláir a fhógairt maidir le Bealach 423, An Clochán go Cathair na Mart, a thiocfaidh i bhfeidhm Dé Domhnaigh an 17 Nollaig.

Is cuid den Phlean Soghluaisteachta Tuaithe é an feabhas ar Bhealach 423, ar mórthionscnamh iompair phoiblí náisiúnta é a d’fhorbair agus a mhaoinigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) mar chuid den Ghréasán Transport for Ireland (TFI).

Cuirfidh Bealach 423 seirbhís ar fáil anois idir An Clochán go Cathair na Mart chun na huaireanta oibriúcháin a leathnú ionas go mbeidh dúbailt ar an minicíocht maidir le turais fhillte ann, ón Luan go dtí an Domhnach.

Leis an bhfeabhas ar an tseirbhís, cuirfear sé thuras fillte laethúla ar fáil seacht lá na seachtaine, rud a chuirfidh nascacht níos fearr leis an gClochán agus Cathair na Mart ar fáil do phaisinéirí, agus beidh na seirbhísí ar fad ag feidhmiú amach as stáisiún traenach Chathair na Mart.

Freastalóidh Bealach 423 Bus Éireann ar an gClochán, Maigh Ard, Leitir Fraic, An Choill Mhór, Crosaire Shraith Shalach, Crosaire Shalroic, An Líonán, Cois Locha, An Chnapach agus Cathair na Mart.

“Tá ríméad ar Bhus Éireann an feabhas ar na seirbhísí seo idir an Clochán agus Cathair na Mart a thabhairt isteach, fágfaidh siad go mbeidh dúbailt ar an minicíocht ann seacht lá na seachtaine. De bharr ár n-amchláir nuashonraithe beidh aon amchlár amháin ann seacht lá na seachtaine agus beidh uaireanta oibriúcháin leathnaithe aige dá thoradh. Beimid ag tairiscint imeacht luath 07.10r.n. ó stáisiún traenach Chathair na Mart agus 07.05r.n. ón gClochán, agus imeacht déanach 22.00i.n. sa dá threo seacht lá na seachtaine, ón Luan go Domhnach,” arsa Brian Connolly, Bus Éireann, Bainisteoir Sinsearach Oibríochtaí an Iarthair. “A bhuí leis an Údarás Náisiúnta Iompair, tríd an bPlean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh, chuireamar beagnach 1.8 milliún ciliméadar lenár ngréasán an mhí seo, chruthaíomar os cionn 58 bpost nua, agus leis an bhfeabhas ar an tseirbhís seo cuirfear ar ár gcumas ár líon custaiméirí atá ag dul i méid a nascadh leo siúd agus leis na nithe is tábhachtaí dóibh.”

“Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh na feabhsuithe seirbhíse ar Bhealach 423, An Clochán go Cathair na Mart,” arsa Kenny Deery, Príomhfheidhmeannach Chumann Tráchtála na Gaillimhe. “An méadú ar mhinicíocht na seirbhísí seo chomh maith leis na huaireanta oibriúcháin feabhsaithe seacht lá na seachtaine, beidh tionchar an-dearfach aige ar na pobail áitiúla agus ar na gnólachtaí a fhreastalaíonn orthu mar go gcuireann an t-iompar poiblí nasc ríthábhachtach ar fáil do mhuintir na háite agus do ghnólachtaí araon sa tslí gur féidir an leas is fearr a bhaint as an acmhainneacht don réigiún agus don chathair ina hiomláine”.

Tuesday, 12th December, 2023